Bunaíodh Gaelscoil na Dúglaise i Méan fómhair 1985 de bharr feachtais a chuir scata tuismitheoirí agus daoine eile gur spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht, i gcrích.

Ainmníodh an scoil ar dtús in onóir an Athar Tadhg Ó Murchú. Sagart na Gaeilge mar a b’fhearr aithne air i gCathair Chorcaí. Ar feadh tréimhse fada bhí sé ina mhúinteoir Ghaeilge i bhFearann Phiarais agus ina dhiaidh sin bhí sé ina shagart i gCarraig na bhFear. Ba mhór a chlú agus a cháil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne áit a bhunaigh sé Brú na Gráige. Is ann a fuair go leor daoine óga blaiseadh ar an nGaeilge.

StairnaScoile1

Thosaigh an scoil amach i seomraí de chuid bráithre na Toirbhirte ar bhóthar na Dúglaise áit ina bhfuil Reeveswood lonnaithe anois. Bhí gaol an -dearfach ag an scoil leis na bráithre ón gcéad lá. Ceapadh Máire Uí Chonghaile mar chéad phríomhoide na scoile i 1985. D’oscail an scoil le 20 páiste.

 StairnaScoile2

B’é Séamas Ó Riain a bhí in a chéad chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta. In a dhiaidh, ceapadh Derek Ó Nualláin mar chathaoirleach.

Chaith Pádraig Mac Fhlannchadha seal mar phríomhoide ó 2000 agus is í Niamh Ní Mhaoláin an príomhoide reatha ó 2002.

 StairnaScoile3

De bharr comhoibriú den scoth idir bhainisteoirí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí, bhogamar isteach i bhfoirgneamh úrnua, laistiar den Chuarbhóthar Theas. D’oscail Micheál Ó Máirtín an scoil go hoifigiúil i 1996.

 StairnaScoile4

Níorbh fhada,áfach, go raibh sé an shoiléir nach raibh an scoil mór a dhóthain agus osclaíodh síneadh scoile le hocht seomra ranga eile i 2004.  Faoi láthair, tá seachtar is fiche múinteoir agus naonúr cuntóir riachtanais speisialta ag obair sa scoil le breis is 450 páiste   faoin a gcúram. Ceadaíodh síneadh eile i 2022 agus táimid ag síl go mór leis an gcéad chaibidil eile a scríobh.

 StairnaScoile5