Fáilte go Gaelscoil na Duglaise

 

 

                                                                                      Fáilte romhat go Gaelscoil na Dúglaise.

Tá spiorad láidir comhoibrithe sa scoil seo agus táimid ana-bhródúil as. Cothaíonn an spiorad sin atmaisféar ar leith ar scoil atá ana-dhearfach, atá dírithe ar fholláine do pháiste  agus  a chuireann  ar chumas na ndaltaí barr a maitheasa a bhaint amach, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Tá cáil ar an scoil seo ó thaobh aire a thabhairt dár ndaltaí agus freastal ar dhaltaí le gach saghas cumas agus réimse spéise, agus teastaíonn uainn leanúint ar aghaidh mar sin. Táimid an bhrodúil as an rang uathachais atá againn i nGaelscoil na Dúglaise. Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do na páistí seo scoil seo ‘gainne a bhfuil riachtanais speisialta acu is a chuirtear ar fáil i mbunscoileanna eile.

Múinteoirí Móra

Cóimheas Mac Léinn-Múinteora

Cuntóir Riachtanais Speisialta

Is ionann dátheangachas agus an cumas labhairt, léamh agus scríobh in dhá theanga. Tugann taighde le fios go dtugann oideachas dátheangach buntáistí breise do dhaltaí as a bheith in ann dhá theanga a úsáid agus a bheith feasach ar chultúir eile. Is éard atá i gceist againn leis an délitearthacht an cumas breise chun bogadh go muiníneach agus go réidh idir an Ghaeilge agus an Béarla chun críocha éagsúla.

Is é mana na scoile ná ‘Doras Feasa Fiafraí’ as a spreagfar gach páiste chun fiosrachta i dtreo an eolais trí mheán na Gaeilge. Beidh an páiste in a c(h)roílár den saol scoile agus sé leas an pháiste a bheidh in a bhunchloch de gach cine a thógfar. Cothófar timpeallacht shona shocair in a mbainfidh gach páiste barra a c(h)umais amach go teangeolaíoch, go cogneolaíoch, go sóisialta, go fisiciúil, go h-aestéitiúil, go spioradálta is go mórálta.

Bígí lenár Scoil