Nóta ón bPríomhoide

Tá fáilte romhat go suíomh idirlíne Gaelscoil na Dúglaise i gCorcaigh. 

Le beagnach daichead bliain anuas, tá Gaelscoil na Duglaise ag soláthar oideachas den scoth trí mhéan na Gaeilge do bhuachaillí agus cailíní. Tá spiorad láidir comhoibrithe sa scoil seo agus táimid ana-bhródúil as. Bíonn daltaí, tuismitheoirí, foireann na scoile agus an bord bainistíochta ar fad ag obair le chéile chun oideachas chomh hiomlán agus chomh sásúil agus is féidir a chruthú dár ndaltaí. Cothaíonn an spiorad sin atmaisféar ar leith ar scoil atá ana-dhearfach, atá dírithe ar fholláine do pháiste  agus  a chuireann  ar chumas na ndaltaí barr a maitheasa a bhaint amach, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Tá cáil ar an scoil seo ó thaobh aire a thabhairt dár ndaltaí agus freastal ar dhaltaí le gach saghas cumas agus réimse spéise, agus teastaíonn uainn leanúint ar aghaidh mar sin. 

Is ardán  é seo a chuireann ar ár gcumas teagmháil a dhéanamh le gach éinne gur mian leo súil a choinneáil ar imeachtaí pobal na scoile.  Tá súil agam go mbeidh an suíomh idirlín seo ina mhacasamhail dhílis den scoil agus dá mbíonn inti. Buailigí isteach chugainn go rialta!

Niamh Ní Mhaoláin

nota príom