Ealaín

Cuireann gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona ar chumas na bpáistí ciall a bhaint as a ndomhan agus é a chur in iúl i bhfoirm infheicthe agus inbhraite.

I nGaelscoil na Dúglaise cuireann gníomhaíochtaí amharcealaíne ar chumas na bpáistí ciall a bhaint as agus a ndomhan a chur in iúl i bhfoirm amhairc inláimhsithe.

Bíonn deis ag na páistí páirt a ghlacadh i ranganna ealaíne tar éis scoile ar an gCéadaoin agus Déardaoin.

Is iad na múinteoirí Denise agus Caoilfionn a reáchtálann na ranganna. Leagtar béim ar scileanna ealaíne a fhorbairt i suíomh taitneamhach neamhfhoirmiúil trí Ghaeilge.

Art Classes

Bíonn deis ag páistí na Gaelscoile páirt a ghlacadh i ranganna Ealaíne tar éis am scoile. Is iad Múinteoir Denise agus Múinteoir Caoilfhionn a eagraíonn na ranganna seo. De ghnáth bíonn siad ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin. Deis ar leith atá ann ealaín a fhiosrú trí Ghaeilge.