Spórt

Tá ról lárnach ag an spórt i nGaelscoil na Dúglaise. Cuirtear raon leathan imeachtaí ar fáil.

 

Peil, Iománaíocht agus Camógaíocht

                                             Tá an-éileamh ar an bPeil, Iománaíocht agus ar an gCamógaíocht anseo sa Ghaelscoil. Is iomaí deis a fhaigheann na páistí, blaiseadh a fháil d’ár gcluichí náisiúnta.

 

Bíonn traenáil ag na cailíní sa pheil agus sa chamógaíocht gach Céadaoin agus Aoine le Múintoirí Kim, Aidan agus tuismitheoir Oliver MacAndriú. Bíonn buachaillí ag traenáil gach Máirt agus Déardaoin faoi stiúr Múinteoir Marc agus Múinteoir Harry.

Glacann na páistí páirt sa chomórtas bunscoile Sciath na Scol gach bliain sa pheil agus sa chamógaíocht/iománaíocht. Is mór an onóir í don scoil nuair a imríonn foireann na scoile i bPáirc Uí Rinn agus i bPáirc Uí Chaoimh. Tá foireann na gcailíní tar éis an comórtas a bhuachaint le dhá bhliain anuas anois agus ta an peil buaite ag na buachaillí le blianta beaga anuas chomh maith. Bíonn cuma iontach ar na corn san ionad fáiltiú anseo ar scoil!

Bíonn an fonn ar páistí na scoile tabhairt faoi cluichí Gaelacha ar scoil. Is iomaí deis a fhaigheann páistí óga tabhairt futht i mbliotsanna a bhíonn eagraithe sa cheantar áitiúil chomh maith!

lúthchleasaíocht

Ullmhaíonn Múinteoir Éamonn, Múinteoir Marc agus Múinteoir Kim na páistí gach bliain chun páirt a ghlacadh i Spórt na Cathrach. Beireann siad boinn leo abhaile gach bliain!

School Athletics

 

Bíonn rásanna aonair i gceist anseo, chomh maith le ath-rásanna. Is mór an onóir dúinn é nuair a shroicheann daltaí na scoile craobh an chontae!

Tugtar deiseanna rialta do pháistí a scileanna lúthchleasaíochta a chur i gcleachtadh ar scoil i rith ranganna Corp Oideachais agus ná déan dearmad an lá mór spóirt a bhíonn againn gach Meitheamh! 

Leadóg

Tá an-eileamh ar ranganna leadóige i nGaelscoil na Dúglaise. Freastlaíonn páistí ó naíonáin shóisireacha go rang 6 ar na ranganna gach Máirt agus Déardaoin.

Cuirtear béim ar taitneamh agus forbairt scileanna sna ranganna seo. Baintear úsáid as cúirteanna leadóige na scoile sa dea-aimsir agus bíonn an halla ar fáil nuair nach féidir de bharr an aimsir.

Is traenálaí cáilithe é Conor Clarke le club leadóige Bhaile an Easpaig agus is é Conor a bhíonn i gceannas ar na ranganna. Cuireann sé campa leadóige ar fáil chomh maith i rith an tsamhraidh.